An Bille Teanga - 'casta, amscai, eidreorach'

Thart ar dhá bhliain ó shin, bhíos os comhair cúirte

Thart ar dhá bhliain ó shin, bhíos os comhair cúirte. Ar bhonn cúirtéise, chuireas in iúl roimh ré go mbeinn ag iarraidh go n-éisteofaí an cás trí Ghaeilge. Nuair a tháinig mo chás aníos labhair an dlíodóir a bhí ar mo shon Gaeilge leis an mBreitheamh.

Má labhair, ní raibh mórán ráite aige nó gur sheas dlíodóir an Stáit agus dúirt go feargach nach bhféadfadh sí Gaeilge a thuiscint. Ní hamháin sin ach d'iarr sí leithscéal ón dlíodóir faoi gur úsáid sé Gaeilge.

Dúirt an Breitheamh léi go neamhbhalbh nach raibh sé chun iarraidh ar aon duine leithscéal a ghabháil faoi úsáid a bhaint as an gcéad teanga oifigiúil ina chúirt.

Chuir sé an cás ar athló go ceann sé mhí agus thug sé le fios go mba cheart d'Oifig Dlíodóra an Stáit a chinntiú gur dlíodóir le Gaeilge a bheadh ann an chéad lá eile. Le scéal fada a dhéanamh gearr, tarraingíodh siar an cás i mo leith an lá roimh an chéad éisteacht eile. Shábháil an Ghaeilge mé.

READ MORE

De bharr an bhreithiúnais a tugadh sa gCúirt Uachtarach sa chás Ó Beoláin v. Fahy, tá ceart bunúsach doshéanta againn Gaeilge a úsáid i gCúirteanna na hÉireann. Sa bhreithiúnas sin, dúirt an Breitheamh Hardiman go neamhbhalbh go raibh an saoránach a tugadh os comhair cúirte i dteideal an chúis ina leith a fhreagairt i nGaeilge agus nárbh fhéidir leis bheith faoi mhíbhuntáiste agus é á dhéanamh sin.

Is é iompar teanga na gcúirteanna ceann de na cnámha spairne is mó a bhaineann le Bille na dTeangacha Oifigiúla. Ina leabhrán Acht na Gaeilge - Acht ar Strae deir an Dochtúir Pádraig Breandán Ó Laighin go bhfuil "tábhacht phraicticiúil" agus "tábhacht shiombalach", ag baint le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Is saineolaí é Ó Laighin ar stádas na dteangacha i gCeanada, áit ar chaith sé tréimhse fhada ina Ollamh le Socheolaíocht i Montréal, cathair dhátheangach. Deir sé faoi Acht Uí Chuív nach dtugann sé na cearta céanna duit is a thugtar do dhaoine i gCeanada.

"Faoin Acht Ceanadach, caithfidh an chúirt a chinntiú go mbeidh an breitheamh in ann Béarla a thuiscint, gan cabhair ó ateangaire, má roghnaíonn na páirtithe sa chás an Béarla mar mheán; má roghnaíonn siad an Fhraincis, caithfidh an Fhraincis bheith ar a thoil ag an mbreitheamh."

'Casta, amscaí'